Irish: Reading no. 4
"Cúchulainn" (part 2)
This is the second and final part of the mini-play
"Cúchulainn", by Máire U&iacutr; Cheallaigh. After having
watched Setanta at the hurling, Conchur goes on to the feast at Culann's castle
without him, and arrives just as everything has been made ready:
RADHARC II
| [Teach Chulainn.] |
| CULANN: An bhfuil gach rud réidh, a
ghiolla? |
(gach, "each") (rud [m.], "thing") (giolla [m.],
"servant") |
| GIOLLA: Tá gach rud ullamh anois, a
mháistir. |
(ullamh, "ready, prepared") (máistir [m.],
"master") |
| CULANN: Go breá. Tagaigí isteach anois
agus suígí síos. |
(tagaigí, "come" [irreg.]) (suigh, "sit") |
| [Ag glaoch ar an gclann] |
(ag glaoch, "calling") (clann [f.], "children,
family") |
| INÍON: Cá suífidh mise, a
Dhaidí? |
(Daidí [m.], "Daddy") |
| CULANN: Suigh ansin in aice le do mháthair...
Beidh na haíonna anseo i gceann tamaill. |
(in aice le, "next to") (aíonna, "guests") (i
gceann, "after, at the end of") (tamall [m.], "a while") |
| GIOLLA: Éistigí. Cloisim anois iad. An
ligfidh mé isteach iad? |
(lig, "let, allow") |
| CULANN: Lig, más é do thoil é.
Éist liom. Nuair a bheidh gach duine istigh lig amach an cú.
Bí cúramach agus bí cinnte go bhfuil gach duine istigh
sula scaoilfidh tú amach é. |
(más é do thoil é, "please" lit: "if
it is your will") (nuair, "when") (cú [m.],
"dog") (cúramach, "careful") (sula, "before") (scaoil,
"release") |
| GIOLLA: Tá go maith, a mháistir. |
| [Tagann Conchúr agus cúpla fear
isteach]. |
(tagann, "come(s)" [irreg.]) (cúpla, "a
couple") |
| CULANN: A Chonchúir, a Chonchúir,
céad míle fáilte romhat. |
(céad [m.], "a hundred") (romhat, "before
you") |
| CONCHÚR: Go raibh maith agat, a
Chulainn. |
| CULANN: Tá súil agam go bhfuil curaidh
chalma na craoibhe rua in éineacht leat. |
(tá súil agam, "I hope") (curaidh,
"champions") (calma, "brave") (craobh rua, "Red Branch") (in
éineacht le, "together with") |
| CONCHÚR: Cinnte. Beidh siad anseo i gceann
cúpla nóiméad. Éist. Tá siad ag teacht. |
| CULANN: Ar m'fhocal! Tá siad anseo. |
(focal [m.], "word") |
| [Cloistear banna ceoil ag seinm "Ó DOMHNAILL
ABÚ". Tagann siad isteach ag máirseáil.] |
(banna ceoil [m.], "music band") (ag seinm,
"playing") (ag máirseáil, "marching") |
| CULANN: Fáilte, fáilte, romhaibh go
léir. A ghiolla, deochanna. Deochanna do mo chairde. |
(romhaibh, "before you") (deochanna,
"drinks") (cairde, "friends") |
| [Tosaíonn an giolla ag dáileadh
dí.] |
(ag dáileadh, "giving out") (di, "of it" [i.e. of
the drink]) |
| CONCHÚR: Is iontach an féasta seo
atá os ár gcomhair, a Chulainn. |
(os ár gcomhair, "in front of us") |
| CULANN: Is ormsa atá an t-áthas
anocht. Tá a fhios agat, a Chonchúir, go bhfuil fáilte
romhat anseo i gcónaí agus roimh do mhuintir freisin. |
(roimh, "before") (freisin, "also, as well") |
| CONCHÚR: Go raibh mile maith agat.
Sláinte. |
(slàinte [f.], "health, cheers!") |
| [ag ardú a ghloinne.] |
(ag ardú, "raising") |
| Do Chulann! |
(gloinne [f.], "glass") |
| LE CHÉILE: Do Chulann! |
|
| [Leanann na haíonna ar aghaidh leis an
scléip.] |
(lean ar aghaidh, "continue, go on") (scléip
[f.], "merriment, fun") |
| CULANN: Inis dom a Chonchúir, an
dtéann tú ag fiach na laethanta seo? |
(inis do, "tell") (téann, "go, goes") (ag
fiach, "hunting") (laethanta, "days") |
| CONCHÚR: Ó, bíonn mé ar
an sliabh gach lá anois ós rud é go bhfuil an aimsir go
breá. Bhí mé ag fiach inné. |
(sliabh [m.], "mountain") (ós, "since") (aimsir
[f.], "weather") |
| CULANN: Bhuel! Conas ar éirigh leat? |
(éirigh le, "succeed, get on") |
| CONCHÚR: Ar dtús bhí
mí-ádh orm. Ní bhfuair mé dada. Ach i ndeireadh an
lae mharaigh mé dhá fhia agus sionnach. |
(ar dtús, "at first") (mí-ádh [m.],
"bad luck") (ní bhfuair, "didn't get") (dada [m.],
"anything") (i ndeireadh, "at the end") (maraigh, "kill") (fia [m.], "red
deer") |
| CULANN: Sionnach! |
(sionnach [m.], "fox") |
| CONCHÚR: Sea. Maidrín rua. |
(maidrín [m.], "little dog") (rua,
"reddish-brown") |
| FEAR 1: Maidrín rua!
Há-Há-Há. |
|
| [Tosaíonn sé ag canadh:] |
(ag canadh, "singing") |
| An maidrín rua, rua, rua, rua. |
|
LE CHÉILE: An maidrín rua atá
granna, An maidrín rua na luí sa luachair, Agus barr a
dhá chluais in airde. Tally hó lena bhonn, tally hó
lena -- |
(le chéile, "(everyone) together") (granna,
"ugly") (luachair [f.], "rushes") (barr [m.], "top") (cluas [f.],
"ear") (in airde, "above") (lena, "with the") (bonn [m.], "sole (of
the foot)") |
| [Stopann an t-amhrán go hobann. Cloistear
glór uafásach an chú.] |
(stop, "stop") (amhrán [m.], "song") (obann,
"sudden") (glór [m.], "voice") (uafásach, "awful,
horrible") |
| FEAR II: Céard é sin? |
| CULANN: Is é sin mo chú. Tá
naimhde amuigh is dócha. Ullmhaigí! |
(naimhde, "enemies") (ullmhaigh, "get ready!") |
| [Tarraingíonn siad a gclaimhte.] |
(tarraing, "draw, pull") (claimhte, "swords") |
| CULANN: Céard atá ort, a
Chonchúir? Tá tú chomh bán le sneachta. |
(céard atá ort, "what's wrong with
you?") (bán, "white, pale") (sneachta [m.], "snow") |
| CONCHÚR: Setanta. |
| CULANN: Céard faoi Setanta? |
| CONCHÚR: Dúirt sé go tiocfadh
sé i ndiaidh an chluiche. |
(dúirt, "said" [irreg.]) (tiocfadh, "would come"
[irreg.]) (i ndiaidh, "after") |
| CULANN: Níor inis tú dom go raibh
sé ag teacht. |
| [Ag ligean osna.] |
(ag ligean, "letting out") (osna [f.], "sigh") |
| Agus lig mé amach an cú. |
| CONCHÚR: Rinne mé dearmad. Tá
Setanta bocht marbh. Tá sé marbh. |
(rinne mé dearmad, "I forgot"; lit: "I made
forgetfulness") (bocht, "poor") (marbh, "dead") |
| CULANN: Tá brón orm, a
Chonchúir. Tá brón orm, cinnte. |
| [Ritheann Setanta isteach agus é ag cur
fola.] |
(rith, "run") (ag cur fola, "bleeding") |
| CONCHÚR: Setanta! Ó a chroí,
tá tú beo! |
(croí [m.], "heart") (beo, "alive") |
| CULANN: Ní thuigim é seo ar chor ar
bith. Conas ar éirigh leatsa teacht chomh fada leis an doras agus mo
chú breá láidir ag tabhairt aire don
chaisleán? |
(ar chor ar bith, "at all") (láidir,
"strong") (ag tabhairt aire do, "keeping watch over") |
| SETANTA: Nuair a tháinig mé
aníos an cosán chonaic mé an cú ag déanamh
orm agus gach liú as. Bhí mo chroí i mo bhéal agam
mar bhí sé chomh fíochmhar le leon agus a bhéal
mór ar oscailt aige. |
(tháinig, "came" [irreg.]) (cosán [m.],
"path") (chonaic, "saw" [irreg.]) (ag déanamh air, "making
for") (liú [m.], "howl, yell") (fíochmhar,
"ferocious") (leon [m.], "lion") (ar oscailt, "open, opened") |
| CULANN: Agus céard a rinne tú? |
(rinne, "did" [irreg.]) |
| SETANTA: Léim sé orm ach
d'éirigh liom éalú uaidh. Ansin rug mé ar mo
chamán agus bhuail mé an liathróid siar ina scornach. Thit
sé ina chnap ar an talamh. |
(léim, "leap, jump") (éalú [m.],
"escape") (rug, "reached" [irreg.]) (camán [m.], "hurling
stick") (siar, "back") (scornach [f.], "throat") (tit,
"fall") (cnap [m.], "lump, heap") (talamh [m.], "ground, earth") |
| CULANN: Agus mharaigh tú é. |
| SETANTA: Mharaigh. Tá brón orm, a
Chulainn. |
| CULANN: Ní raibh cú eile in
Éirinn chomh maith leis. |
(eile, "other, another") |
| SETANTA: Tá a fhios agam, a Chulainn. Ach
bhí orm mé féin a chosaint. |
(a chosaint, "to defend") |
| CULANN: Céard a dhéanfaidh mé
anois? |
(déanfaidh, "will do" [irreg.]) (eile, "other,
another") |
| CONCHÚR: Gheobhaidh mise coileán eile
duit. |
(gheobhaidh, "will get" [irreg.]) (eile, "other,
another") (coileán [m.], "pup") |
| CULANN: Cén mhaitheas é sin?
Tógfaidh sé tamall an-fhada chun cú óg a
oiliúint agus cad mar gheall ar na naimhde? |
(maitheas [f.], "good, benefit") (a oiliúnt, "to
train") (mar gheall ar, "about") |
| SETANTA: Déanfaidh mise margadh leat. |
(margadh [m.], "agreement") |
| CULANN: Cén margadh? |
| SETANTA: Tabharfaidh mé féin aire don
chaisleán go mbeidh cú eile oilte leat. Cad é do
thuairim? |
(tabharfaidh, "will give") (go mbeidh, "until there will
be") (oilte, "trained") (tuairim [f.], "opinion") |
| CULANN: Cosnóidh tusa mo
chaisleán? |
(cosain, "defend") |
| SETANTA: Ar m'fhocal, tá mé i
ndáiríre. |
(i ndáiríre, "serious, in earnest") |
| CONCHÚR: Maith thú, a Shetanta. Is
agat atá an misneach agus is iontach an fear óg thú.
Tá mé an-bhródúil asat. |
(misneach [m.], "courage") (bródúil asat,
"proud of you") |
| CULANN: Molaim thú. Gan dabht ar bith
tá tú cróga. |
(dabht [m.], "doubt") (ar bith, "any") (cróga,
"brave") |
| CONCHÚR: Sea, a Chulainn, agus caithfimid
ainm nua a thabhairt dó. |
(sea, "yes indeed") (caithfimid, "we must") (a
thabhairt, "to give" [irreg.]) |
| SETANTA: Cén t-ainm é sin? |
| CONCHÚR: Cú Chulainn. |
| CULANN: Sea, go díreach.
Cúchulainn! |
(go díreach, "exactly") |
| LE CHÉILE: Cúchulainn![Ag
scairteadh.] |
(ag scairteadh, "cheering, yelling") |
Translation:
SCENE IICULANN: Is each thing ready,
servant?
SERVANT: Everything is prepared, master.
CULANN: Fine. Come in now and sit down [calling the
children].
DAUGHTER: Where will I sit, Daddy?
CULANN: Sit there next to your mother. The guests will be
here in a short while.
SERVANT: Listen. I hear them now. Shall I let them in?
CULANN: Yes, please. Listen to me. When every person is
inside, let out the dog. Be careful and be sure each person is in before you
release him outside.
SERVANT: Very well, master.
[Conchur and a couple of men come in.]
CULANN: Conchur, Conchur, a hundred thousand welcomes
before you.
CONCHÚR: Thank you, Culann.
CULANN: I hope the brave champions of the Red Branch are
with you.
CONCHÚR: Certainly. They'll be here in a couple of
moments. Listen. The're coming.
CULANN: On my word! They're here.
[A band is heard playing "O Domhnaill Abu". They come marching
in.]
CULANN: Welcome, welcome, welcome before you all. Servant,
drinks. Drinks for my friends.
[The servant begins handing out drinks.]
CONCHÚR: Wonderful is the feast that is before us,
Culann.
CULANN: I am the one who is delighted tonight. You know,
Conchur, that there is always welcome before you here and before your people as
well.
CONCHÚR: Thank you. Cheers. [Raising his
glass] To Culann!
EVERYBODY: To Culann! [The guests continue with their
merriment.]
CULANN: Tell me Conchur, do you go hunting these days?
CONCHÚR: Oh, I tend to be on the mountain every day
now since the weather is good. I was hunting yesterday.
CULANN: Well! How did you get on?
CONCHÚR: At first I was unlucky. I didn't get
anything. But at the end of the day I killed two red deer and a fox.
CULANN: A fox!
CONCHÚR: Yes. A little red dog.
MAN 1: A little red dog! Ha ha ha! [he begins to
sing:] The little dog red, red, red, red, red,
EVERYBODY: The little red dog that is ugly The little
red dog lying in the rushes And the top of his two ears pointing on
high. Tally-ho with the feet, tally-ho with the --
[The song stops suddenly. The terrifying noise of the dog is
heard.]
MAN 2: What's that?
CULANN: That's my dog. Perhaps there are enemies outside.
Get ready!
[They draw their swords.]
CULANN: What's wrong with you, Conchur? You are as white as
snow.
CONCHÚR: Setanta.
CULANN: What about Setanta?
CONCHÚR: He said he would come after the match.
CULANN: You didn't tell me he was coming.
[letting out a sigh]
And I put the dog out.
CONCHÚR: I forgot. Poor Setanta is dead. He is dead.
CULANN: I'm sorry, Conchur. I'm sorry, surely.
[Setanta runs inside, bleeding.]
CONCHÚR: Setanta! O my heart, you are alive!
CULANN: I don't understand this at all. How did you manage
to come so far as the door and my fine strong dog keeping watch on the castle?
SETANTA: When I came down the path I saw the dog making for
me and every howl out of him. My heart was in my mouth as he was as ferocious
as a lion and his great big mouth open.
CULANN: And what did you do?
SETANTA: He leaped on me but I succeeded in escaping from
him. Then I reached on my hurling stick and struck the ball back into his
throat. He fell in a heap on the ground.
CULANN: And you killed him.
SETANTA: Yes. I'm sorry, Culann.
CULANN: There wasn't another dog in Ireland as good as him.
SETANTA: I know, Culann. But I had to defend myself.
CULANN: What will I do now?
CONCHÚR: I will get you another pup.
CULANN: What good is that? It'll take a very long while to
train a young dog and what about the enemies?
SETANTA: I will make an agreement with you.
CULANN: What agreement?
SETANTA: I myself will give watch to the castle until you
(will) have another trained dog. What do you think?
CULANN: You'll defend my castle?
SETANTA: On my word, I am in earnest.
CONCHÚR: Good for you, Setanta. It's you that has
courage and you're a wonderful young man. I'm very proud of you.
CULANN: I praise you. Without doubt you are brave.
CONCHÚR: Yes, Culann, and we must give another name
(to) him.
SETANTA: What name is that?
CONCHÚR: Cu Chulainn -- the Hound of Culann.
CULANN: That's it exactly. Cu Chulainn!
EVERYBODY: Cu Chulainn! (cheering)
Return to Gaelic lessons
index - Home
|