Irish: Reading no. 7
Reading no. 7 - Úna Bhán, part 2
| Ní raibh Mághnus cinnte cé aca bhí
an chliú sin tuillte ag bean Shéarluis Chonchubhair nó
nach raibh. Acht bhí rud amháin a raibh sé cinnte
dó: ní thabharfadh Úna Bhán iarraidh choidhche
ar eisean a chur fá smacht. Níorbh' é sin a' cineál
nádúire a bhí inntí. Bhí sí laghach
deagh-chroidhtheach. Bhí sí socair suaimhneach. Bhí
a croidhe agus a h-anam istuigh ann. Agus a' té a bhfuil tú
i ngrádh leis ní bheidh tú ag iarraidh smacht a chur
air! |
(cliú = clú [m.], "reputation")
(tuill, "deserve, earn")
(amháin, "alone, only")
(tabhair... ar, "force, compel")
(fá = faoi)
(cineál [m.], "kind, variety")
(nádúr [m.], "nature, character")
(laghach, "pleasant, agreeable")
(deagh-chroidhtheach, "good-hearted")
(socair, "calm")
(anam [m.], "soul") (istuigh, "within")
(an té, "whoever") |
| Ar feadh tamaill bhí loinnir iongantach sa tsaoghal.
Annsin tráthnóna amháin samhraidh bhí gruaim
bheag le h-aithne a' teacht air. Ní raibh ann ar tús acht
mar bheadh dlaoi de néall bheag éadtrom thiar ag bun na spéire.
Acht sin mar thig a' caochlódh ar an aimsir. Sin mar thig a thús
ar na h-aislingí bhíos againn. Bhí átharrach
de chineál éigin a' teacht ar Úna. Ní tostach
d'éirigh sí. Bhí neart le rádh aicí,
acht nár luaithe ar sgéal ná ar sgéal eile
í. Bhí sí mar bheadh duine ann a bheadh a' cainnt
i n-a chodladh. |
(loinnir [f.], "light, brilliance")
(iongantach = iontach, "wonderful")
(samhradh [m.], "summer")
(gruaim [f.], "gloom")
(aithne [f.], "recognition")
(ar tús, "at first")
(dlaoi [f.], "wisp, strand")
(neall [m.], "cloud") (éadtrom, "light")
(thiar, "westerly")
(bun [m.], "base, bottom")
(spéir [f.], "sky")
(caochlódh [m.], "change")
(aimsir [f.], "weather")
(aisling [f.], "dream")
(átharrach [m.], "change, alteration")
(éigin, "some")
(tostach, "silent")
(éirigh, "become, grow")
(neart le rádh, "plenty to say")
(luaithe [m.], "quickness")
(ag cainnt, "talking")
(codladh [m.], "sleep") |
| Chuaidh Mághnus 'un a' bhaile an tráthnóna
sin agus gan é saor ó imnidhe. Bhí rud éigin
a' déanamh buadhartha do Úna! Caidé a bhí uirthí?
... B'féidir gur mí-shásamh a cuireadh uirthí
sa bhaile. Ba dóigh go mbeadh sí mar bhí sí
riamh a' Domhnach sin a bhí chugainn. |
('un = chun)
(agus gan é saor, "without being free")
(imnidhe = imní [f.], "worry")
(déan buadhartha, "disturb, cause worry")
(míshásamh [m.], "displeasure")
(dóigh [f.], "hope, trust")
(Domhnach [m.], "Sunday") |
| Acht ní raibh. Ní ba mheasa a bhí
sí: i bhfad ní bamheasa. Bhí na néallta ag
éirghe aníos ó'n fhairrge agus a' leathnughadh ar
fud na spéire -- tharla an aimsir mar shamhail againn. Thoisigh
Úna a chainnt ar mhnaoi mhuinnteardha díthe a chuaidh go
Meiriceá cúig nó sé de bhliadhnaibh roimhe
sin agus ar a' dóigh a raibh an saoghal ag éirghe léithe
thall. Sa deireadh ar sise, "Sí a rinne i gceart é. 'Sé
Dia a bhí léithe an lá a smaointigh sí ar a
ghabháil go Meiriceá. Ní fhuil a dhath annseo acht
a' t-anródh is a' t-ocras. Ní fhuil a fhios agam cad chuige
a ndeárna aonduine riamh cómhnuidhe ann. Ní dhéanfainn
sin." |
(measa, "worse")
(i bhfad, "far (from it)")
(leathnughadh = leathnú, "spreading")
(tharla, "happened")
(samhail [f.], "image, allegory")
(bean mhuinnteardha, "female relation")
(Meiriceá [m.], "America")
(bliadhnaibh = blianta, "years")
(dóigh [m.], "way, manner")
(thall, "over there, beyond")
(deireadh [m.], "end")
(i gceart, "right, properly")
(smaointigh ar, "think of")
(ní fhuil = níl)
(a dhath, "anything")
(anródh = anró [m.], "hardship")
(ocras [m.], "hunger")
(cad chuige, "why")
(aonduine, "anybody") (riamh, "ever")
(déan cómhnuidhe, "dwell, live") |
| Baineadh an anál de Mhághnus. Faoi Dhia
caidé a bhí a' teacht uirthí? Nach raibh lámh
is focal eatorra. Nach raibh áit a' toighe socair aca. Ar léana
dheas ós cionn a' chladaigh, ar imeal báighe Ros Sgaithte
-- an áit a b'áilne ar dhroim a' domhain. Nár mhinic
a chonaic Mághnus (agus ar ndóighe a dhá shúil
druidthe) é féin is Úna i n-a suidhe taobh amuigh
de'n doras tráthnóna Samhraidh, aoibhneas a' tsaoghail i
n-a dtimcheall agus séan a' tsaoghail i n-a gcroidhe. Agus anois
tá an aisling bheannuighthe seo ag imtheacht uaidh, mar d'imtheóchadh
ceo maidne nuair thiocfadh teas na gréine air. |
(bain de, "take away from")
(anál [f.], "breath")
(faoi Dhia, "for God's sake")
(ag teacht uirthi, "coming over her")
(focal [m.], "word")
(toigh = teach) (socair, "settled")
(léana [m.], "meadow")
(cladaigh [gs] cladach [m.], "beach")
(imeall [m.], "edge, coast")
(báighe = bá [f.], "bay")
(b'áilne, "most beautiful")
(domhan [m.], "the world, universe")
(minic, "often")
(ar ndóighe, "of course")
(druidthe, "shut")
(Samhradh [m.], "Summer")
(aoibhneas [m.], "happiness")
(séan [m.], "luck, happiness")
(ag imtheacht, "departing, escaping")
(maidne [gs] maidin [f.], "morning") |
| "Agus caidé atá tú a' brath a dhéanamh?"
arsa Mághnus nuair tháinig a' chainnt leis. "A' brath ar
a ghabháil go Meiriceá i ndeireadh an fhóghmhair seo
chugainn, le cuidiughadh Dé," ars' Úna. |
(ag brath, "intending")
(caint [f.], "speech")
(i ndeireadh, "at the end of")
(fóghmhar = fómhar [m.], "autumn")
(cuidiughadh = ciudiú [m.], "help") |
| "Fan bliadhain eile is beidh mise leat," arsa Maghnus. |
(fan, "stay") |
| "Ní fhanfadh," ars' Úna. "Ró-fhada
d'fhan mé," ar sise. "Barraidheacht de mo shaoghal a chuir mé
amudha ar na creagacha ocracha seo." Thost Mághnus tamall. Sa leis
a ghabháil go Meiriceá go mb'ionnan a' cás i mbliadhna
ná ar a' bhliadhain seo chugainn. |
(barraidheacht =barraíocht[+gs], "too much")
(amudha = amú, "wasted")
(ocracha, "hungry") |
| "Maith go leor," ar seisean. "Imtheóchaimid i
ndeireadh an fhóghmhair. B'féidir gurbh' é an t-ádh
é. Siud is go mbeidh cumaidh orm a' fágail Rinn na mBroc." |
(cumaidh [f.], "partnership, wedlock") |
| Annsin b'éigean an fhírinne a innse dó.
Ní raibh rún ar bith pósta ag Úna thall ná
i bhfos, adubhairt sí. B'fhéidir, adubhairt sí, go
n-áthróchadh a h-intinn nuair a bheadh sí tamall i
Meiriceá. "Ní fhuil a fhios agam", ar sise. "Ní fhuil
fios a chinneamhainte ag aonduine againn. Tá an méid sin
ceilte orainn... Acht cad chuige a rachthá thusa go Meiriceá?
Tá mé cinnte gur fearr leat annseo ná i n-áit
ar bith eile ar a' domhan. Fan sa bhaile, i n-ainm Dé." |
(éigean, "necessary")
(ar bith, "any")
(thall, "yonder, abroad")
(i bhfos, "here, on this side")
(áthróchadh, "would change")
(intinn [f.], "mind")
(ní fhuil = níl)
(cinneamhain [f.], "fate, destiny")
(an méid sin, "that much")
(ceilte orainn, "hidden from us")
(rachthá = rachfá) |
| Dubhairt Mághnus na rudaí amaideacha adeirtear
ar ócáid de'n chineál. Cá bith áit a
mbeadh Úna sin an áit a mb'fhiú bheith beo. Chuirfeadh
sí maise ar a' tsaoghal áit ar bith a mbeadh sí, dá
mba amuigh i bhfásach na h-Aifrice é. Bheadh na Rosa fuar
folamh an lá d'imtheóchadh sí. Thiocfadh ceo ar an
Eargal. Thiocfadh gruaim ar ghnúis a' tsaoghail! |
(amaideach, "foolish")
(ócáid [f.], "occasion")
(cineál [m.], "kind")
(fiú, "worthwhile")
(maise [f.], "adornment")
(fásach [m.], "desert")
(na h-Aifrice [gs] an Aifraic [f.],"Africa")
(folamh, "empty, bleak")
(gruaim [f.], "gloom")
(gnúis [f.], "face") |
| Ní raibh gar a bheith leis. Bhí sé
diúlta aicí má diúltadh aon fhear ariamh. Acht
do réir chosamhlachta ní raibh sin tuigthe aige. Sa deireadh
dubhairt sí leis é gan fiacail a chur ann. "Is fearr dúinn,
i n-ainm Dé, "ar sise, "lámh a chrathadh le chéile
agus dhá chúl ár gcinn a thabhairt le chéile.
Ní fhuilimid a' fóirstean dá chéile. Agus a'
lánamhain nach bhfuil a' fóirstean dá chéile
ní fhuil i ndán dóbhtha acht saoghal corrach. Buidheach
de Dhia ba choir dúinn a bheith gur tuigeadh linn i n-am é." |
(gar [m.], "good, benefit")
(diúlta, "refused, spurned")
(do réir [+gs], "according to")
(cosamhlacht = cosúlacht [f.],"likeness")
(tuigthe, "understood")
(gan... ann, "without mincing words")
(crath, "shake")
(le chéile, "(with) each other")
(ag fóirstean, "suiting, fitting")
(lánamhain [f.], "married couple")
(i ndán, "in store, destined")
(dóbhtha = dóibh)
(corrach, "unsettled")
(buidheach = buíoch, "thankful")
(tuigeadh linn, "we understood") |
(Synopsis: Maghnus dismisses the rumours he has heard about the
women in Una's family. He feels happy to be in love, but grows more worried
as a change comes over Una; she seems distracted all of a sudden. One day
Una tells Maghnus about a relation of hers who went to America and says
that she did the right thing -- nobody, including Una herself, would want
to stay and live in hardship and hunger. Maghnus is astonished; they're
betrothed and have already picked out a spot for a house overlooking the
bay. This has been his dream, and now she wants to leave? She tells him
that she's going to go to America at the end of autumn. Maghnus asks her
to stay another year, but she refuses, adding that she has already wasted
too much of her life. Maghnus thinks for a moment, then agrees to go to
America with her in the autumn after they're married. Una then has to tell
him the truth: she has no intention of marrying him at home or abroad,
and she urges him to stay and forget about her. Maghnus makes the usual
protests of the jilted lover, but Una tells him plainly that they aren't
suited to each other, would never be happy together and should part amicably,
thankful that they found out in time.)
Return to Gaelic lessons
index - Home
|